Hamburg
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Freie und Hansestadt Hamburg (de) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Siombail oifigiúil | Hammonia (en) ![]() ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghearmáin ![]() | ||||
Príomhchathair de | Bouches-de-l'Elbe (1811–1814) ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,910,160 (2023) ![]() | ||||
• Dlús | 2,529.71 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Hamburg Metropolitan Region (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla | 755.09 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Alster, An Eilbe, Bille, Seevekanal (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Airde | 6 m ![]() | ||||
Pointe is airde | Hasselbrack (en) ![]() ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Landherrenschaft Hamburg, Landkreis Hamburg (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Eachtra thábhachtach | Bombing of Hamburg in World War II (en) ![]() Léigear Hamburg (1813) Siege of Hamburg (en) ![]() staple right (en) ![]() an Reifirméisean (1528) Boerse Hamburg - Regulierter Markt (en) ![]() ![]() | ||||
Éarlamh | Muire ![]() | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Hamburg ![]() | ||||
• Céad Mhéara Hamburg ![]() | Peter Tschentscher (2018–) ![]() | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil Hamburg ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 20095–21149, 22041–22769 agus 27499 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 040 agus 04721 ![]() | ||||
Cód ISO 3166-2 | DE-HH ![]() | ||||
Cód NUTS | DE6 ![]() | ||||
German regional key (en) ![]() | 020000000000 ![]() | ||||
German municipality key (en) ![]() | 02000000 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | hamburg.de ![]() | ||||
![]() ![]() ![]() ![]() |
Is é Hamburg (Gearmáinis Íochtarach: Hamborg) an dara chathair is mó sa Ghearmáin. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, idir Schleswig-Holstein agus Niedersachsen, ach ní bhaineann sí le ceachtar den dá stát sin, nó tá an chathair féin ina stát feidearálach de chuid na Gearmáine. Sin é an tuige go dtugtar "Cathair Shaor agus Hainseatach Hamburg" uirthi go hoifigiúil, nó Freie und Hansestadt Hamburg.
Tíreolaíocht agus stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chathair roinnte i seacht gceantar riaracháin (Bezirke), mar atá: Nord, nó an Tuaisceart; Eimsbüttel, Altona, Harburg, Bergedorf, agus Mitte, nó Lár na Cathrach.
Tá Hamburg ar an gcuan is mó sa Ghearmáin, rud a d'fhág a shliocht ar an áit riamh. Bhí pobal Síneach agus go leor pobail eachtrannacha eile i Hamburg i bhfad sular tosaíodh ag caint ar an "ilchultúrachas". Ón taobh eile de, leis na mairnéalaigh, tháinig an meirdreachas, agus is dócha gurb é ceantar na gclubanna oíche is na ndrúthlann, St. Pauli, an logainm is aithnidiúla sa chathair, i measc mhuintir na dtíortha coimhthíocha. B'ansin a thosaigh na Beatles ag teacht i láthair mar cheoltóirí, nuair a bhí siad ag seinm sa Star-Club ar phríomhshráid na ceathrún deirge, Die Grosse Freiheit.
Is follasach gur lárionad tábhachtach cultúir í an chathair seo freisin.
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'as Hamburg do go leor scríbhneoirí nó ealaíontóirí clúiteacha:
- Wolfgang Borchert, file an tsíochánachais agus iarshaighdiúir an airm Ghearmánaigh a fuair bás le heitinn go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. B'é an dráma úd Draußen vor der Tür ("Amuigh ar an Tairseach") a thabhaigh a cháil iarbháis dó, agus é suite i Hamburg.
- Cé gur i München a rugadh é, is i Hamburg a d'fhás an aisteoir clúiteach Moritz Bleibtreu aníos.
- B'as Hamburg do na cumadóirí Johannes Brahms, Felix Mendelssohn Bartholdy agus Gustav Mahler.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
Die Hamburger Speicherstadt, nó Cathair na dTrádstóras
-
Hamburger Fernsehturm, túr tarchurtha teilifíse agus sainchomhartha tíre
-
Die Große Freiheit, croílár na ceathrún deirge i Hamburg
-
Calafort Hamburg agus Michel, nó Ardeaglais an Ardaingil Mícheál
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Wikivoyage - Hamburg (en)
- Hamburg - Suíomh oifigiúil Curtha i gcartlann 2014-05-06 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na Gearmáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |